TUAIRISC NÓ TUARASCÁIL?

Cuntas gairid is ea ‘tuairisc’ de ghnáth, m.sh. ‘tuairisc nuachta’. Doiciméad taighde nó eolais is ea ‘tuarascáil’. Foilsíonn eagraíochtaí tuarascáil bhliantúil, mar shampla, agus bíonn tuairiscí inti ag cuntasóirí, baill den Bhord Stiúrtha srl.