TOISC

Ní hannamh a scríobhtar a leithéid seo: Cailltear cuid mhór laethanta oibre toisc tinneas. Ach ní leor ‘toisc’ leis féin. Má táthar chun an focal seo a úsáid ar aon dul le ‘de bharr’ nó ‘mar gheall ar’ srl. caithfidh tuilleadh faisnéise a chur leis: ‘Cailltear cuid mhór laethanta oibre toisc oibrithe a bheith tinn.’