TODHCHAÍ

Ró-úsáid an peaca is measa a ghabhann leis an bhfocal teibí fealsúnta seo. Anuas air sin, glactar leis gur uimhir iolra atá ann ar dhóigh nach dtuigfeadh daoine aon locht a bheith ar abairtí amhail Tá todhchaí geala roimh an mbaile beag seo i lár na tíre nó Cá bhfios cad a tharlóidh sna todhchaí?  Is é is cúis leis an mearbhall uimhreach sin, gan amhras, ná an chríoch ‘ aí’.
Ní mór cuimhneamh air gur ainmfhocal teibí é ‘todhchaí’ ach oiread le ‘eagla’ nó ‘fuacht’. Ní mar a chéile é go baileach agus an focal Béarla future, rud a fhágann cuma an mhínádúrtha ar abairtí a chuireann síos ar drochthodhchaí nó ar an todhchaí atá romhainn. Tá rud éigin faoin bhfocal seo a chuireann meascán mearaí ceart ar dhaoine. Nach romhainn a bhíonn an todhchaí i gcónaí?
Níl aon easpa nathanna ann chun a bheith ag trácht ar an am atá le teacht. Ceann acu, go deimhin, ‘an t-am atá le teacht’. Má tá baile beag ann i lár na tíre a bhí buailte ag an imirce agus ag an dífhostaíocht agus atá dóchasach anois as an turasóireacht, is féidir a rá gurb í an turasóireacht a thabharfaidh ‘an tsúil aniar dó’. Má táthar in amhras faoina bhfuil i ndán d’fhiontar éigin b’fhearr an t amhras a chur in iúl go lom simplí: ‘Ní fios cé acu a éireoidh leis an bhfiontar nó nach n éireoidh’. B’fhearr sin ná Tá todhchaí éiginnte i ndán don fhiontar.