Féach nach bhfuil ‘ná’ riachtanach in abairtí den chineál seo: ‘Is é an aidhm atá againn (ná) cuidiú le daoine lán a gcumais a bhaint amach.’

Pointe tábhachtach: ní hionann neamhriachtanach agus mícheart. Tá claonadh ag daoine ‘ná’ a ‘cheartú’ agus é a scrios. Is trí mhíthuiscint a dhéantar sin, nó is minic a chabhraíonn ‘ná’ le brí na cainte a shoiléiriú in abairtí fada.