MÁ NÓ DÁ?

Tugtar ‘coinníoll an amhrais’ ar ‘dá’, i.e. bíonn amhras ann go dtarlóidh pé rud atá luaite san abairt. A leithéid seo: ‘Má bhíonn Brian anseo amárach, tabharfaidh mé an t-airgead dó.’ Tuigtear as sin go bhfuil gach seans ann go mbeidh Brian ar fail. Feach, afach: ‘Chreidfinn i dtaibhsí dá bhfeicfinn duine acu.’ Caolseans go bhfeicfidh.