ÉIRE

Tá foirm thabharthach ar leith ann: 'in Éirinn', 'as Eirinn' agus araile. Úsáidtear an fhoirm thabharthach fiú nuair is ainm an stáit atá i gceist: 'Beidh a cuid custam féin ag Éirinn.'
Is minic a úsáidtear an fhoirm thabharthach mar ainmneach chomh maith, m.sh. ‘Beidh Éirinn agus an Fhrainc i gcoinne a chéile sa chluiche leathcheannais.’ Tá an úsáid sin lasmuigh den CO, áfach.