DAR (2)

Is ait liom ‘dar’ a lua le rud gan chroí gan aigne, mar shampla Dar leis an tuarascáil seo, is in olcas a rachaidh an dífhostaíocht. B’fhearr gan a leithéid de phearsanú a dhéanamh: ‘Maítear sa tuarascáil seo gur in olcas a rachaidh an dífhostaíocht.’

Seans nach bhfuil scríbhneoirí ag dealú mar is ceart idir 'dar' agus 'de réir'. Nó b’fhéidir gur éiríomar ceanúil ar 'dar' de thairbhe nach mbíonn infhilleadh ina dhiaidh.