CÓIR / COMHAIR / COMHAR

Bíonn daoine idir dhá chomhairle faoi na focail seo, agus idir thrí chomhairle go minic. Ní hiontas é sin nuair nach bhfuil ach difear caolchúiseach eatarthu ó thaobh fuaime de. Bíodh sin mar atá, níl leithéidí Teastaíonn foighne i gcóir na hoibre seo inghlactha. ‘I gcomhair na hoibre seo’ ba chóir a scríobh.

Maidir le ‘i gcomhar’ is é an chiall atá leis de ghnáth ná ‘i bpáirt le’: Rinneadh an tsraith clár seo i gcomhar leis an BBC.

An bhfuil gach rud i gcóir agat? a déarfá le duine agus tú ag imeacht ar thuras, i.e. an bhfuil gach rud in ord.