COINNÍOLL

Is minic a bhítear ag caint ar coinníollacha oibre (working conditions) agus coinníollacha imeartha (playing conditions). Ach is amhlaidh a chiallaíonn ‘coinníoll’ condition sa bhrí a stipulation, a proviso. ‘Dálaí’ nó ‘cúinsí’ nó ‘tosca’ ab fhearr le haghaidh conditions nuair is circumstances is ciall dó.