DEALRAIGH

Struchtúr aisteach atá ag éirí coitianta sa Ghaeilge scríofa:

  • Dealraítear go bhfuil neamhaird a dhéanamh ar na héilimh atá ag an earnáil faoi conas í a láidriú. (Dealraíonn sé go bhfuil...)

Seans gur tháinig ann don struchtúr seo trí aithris ar leaganacha mar 'creidtear go' agus 'tuairiscítear go'. Cibé faoi sin, is 'dealraíonn sé' ba cheart a scríobh, agus ní hé an saorbhriathar.