CUID

Tá claonadh sa chaint 'cuid' a chur idir an aidiacht shealbhach agus an t-ainmfhocal i gcónaí.

  • Chuir sé air a chuid bríste.
  • Úsáidfidh mé an leithreas i gceart agus nífidh mé mo chuid lámha. [As cód smachta bunscoile.]
  • ‘Goitse!’ a dúirt mé faoi mo chuid anála.

De réir GGBC (alt 13.8), is gnách 'cuid' a úsáid ‘nuair atá teibíocht nó iolra nó ábhar do-áirimh i gceist.’ Níl ach bríste amháin i gceist sa chéad abairt thuas agus is furasta lámha an duine a áireamh, rud a fhágann cuma ait ar 'a chuid bríste' agus 'mo chuid lámh(a)'.  'Faoi m’anáil' a dúradh sa Ghaeilge riamh – ní hé go mbíonn a sciar féin ag duine den rud do-áirimh seo a dtugtar anáil air.

Is dócha gurb é an Béarla doing one’s bit is ciontach le habairtí mar seo a bheith le feiceáil i dtéacsanna Gaeilge:

  • Is léir ón gcás-staidéar a rinneadh ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe go bhfuil siadsan ar a laghad ag déanamh a gcoda.

Tá ciall eile le 'déan do chuid', is é sin ith an bia a cuireadh amach duit. Is amhlaidh atá an Chomhairle tar éis a cion féin den obair a dhéanamh, nó gur chomhlíon an Chomhairle na dualgais a bhí uirthi.

Is féidir 'cuid de' a úsáid chun some a chur in iúl:

  • Cuid de na daoine is deise a casadh orm riamh.
  • De réir cuid de na nuachtáin.

Tá an réamhfhocal 'de' riachtanach chun an chiall sin a chur in iúl:

  • Ach i gcuid othar, níor éirigh leo na taomanna a mhaolú mórán. (Ach i gcás cuid de na hothair/i gcás roinnt othar)

Tabhair faoi deara nach mbíonn séimhiú ar thúslitir 'cuid' i bhfrásaí mar 'De réir cuid de na nuachtáin'.