COMPARÁID

Corruair, baintear úsáid an-aisteach as 'i gcomparáid le', faoi thionchar an Bhéarla as opposed to.

  • Bhí damhsóirí againn i mbliana, i gcomparáid leis na ceoltóirí a bhí againn an bhliain seo caite.

Níl aon chomparáid i gceist dáiríre. Is amhlaidh a bhí damhsóirí ann i mbliana, seachas/murab ionann agus na ceoltóirí a bhí ann an bhliain seo caite.