COMHPHOBAL/POBAL

Cé go dtugtar 'comhphobal' sna foclóirí agus an chiall community leis, is fearr a d’oirfeadh an focal simplí 'pobal' in abairtí mar seo:

  • Comórtas iomráiteach uile-Éireann Ghlór na nGael ar son chur chun cinn na Gaeilge sa chomhphobal áitiúil.

B’fhearr 'comhphobal' a úsáid mar shaintéarma socheolaíochta nó chun trácht ar chónaidhm stát, mar shampla 'Na Comhphobail Eorpacha'.