CUIR MAR SEO É

Tá 'cuir mar seo é' bunaithe anois agus ní féidir é a ruaigeadh. Ó thaobh na stíle de, ní miste a mheabhrú go bhfuil friotal níos dúchasaí ann chun an coincheap a chur in iúl seachas lomaithris ar put it this way.

  • Ba mhaith leis béim a leagan arís ar luacha an tsóisialachais do ghlúin a bhí, mar a chuir sé é, faoi thionchar oidhreachta Thatcher agus Reagan. (má b'fhíor dó, de réir mar a dúirt sé)
  • Is cinnte nach gcuirfinn mar sin é. (nach ndéarfainn mar sin é)