CEARNACH/CEARNAITHE/CEARNÓGACH

Ní hionann ar fad ciall na bhfocal gaolmhara 'cearnach', 'cearnaithe' agus 'cearnógach'. Is féidir iad a mhalartú ar a chéile i gcomhthéacsanna áirithe, ach níl na samplaí seo thíos inghlactha:

  • Tá 452.7 ciliméadar cearnógach talaimh i gceantar Fhine Gall. (ciliméadar cearnach)
  • Cén uimhir chearnaithe atá cothrom le 36? An freagra, ar ndóigh, ná 6. (uimhir chearnach)

Úsáidtear 'cearnógach' chun trácht ar rud a bhfuil cruth cearnóige air. Úsáidtear 'cearnach' sa mhatamaitic agus chun trácht ar aonaid spáis. Is é a chiallaíonn 'cearnaithe' formed into a square shape, ruled into lines to form squares.