CEANN

Deirtear le foghlaimeoirí Gaeilge gan 'ceann' a úsáid choíche ag tagairt do dhaoine. One (of things, of animals) an nóta atá le ceann in FGB. Is fíor ina dhiaidh sin go mbíonn 'ceann' in úsáid ag scríbhneoirí breátha Gaeilge chun trácht ar dhaoine.

  • Bhí Gráinne ar cheann de na náimhde ba chúmhachtaighe a bhí roimhe... (Séamus Mag Uidhir, Fánaidheacht i gConndae Mhuigheo: 89)
  • “I dteangain na caillighe go dtéighidh an tsnáthad, an chéad uair eile a bheidh sí ag baint an bhídh as na miongáin,” adeir ceann de sna garsúin. (Seán Ó Dálaigh, Timcheall Chinn Sléibhe: 67)

Níor thógtha ar scríbhneoir é dá gcloífeadh sé nó sí le comhairle FGB, ar eagla go gcuirfí botún ina leith.