CEACHTAR

‘Ceann nó ceann eile de phéire’ an sainmhíniú a thugtar ar ceachtar in An Foclóir Beag. Níor cheart é a úsáid má tá rogha le déanamh idir trí rud nó líon ar bith os a chionn sin.

  • Níl cóiríocht bhuan ag ceachtar de na trí scoil seo... (ag ceann ar bith de na trí scoil)