CABHAIR/CUIDIÚ/CÚNAMH

Sa ghnáthchaint, is comhchiallaigh iad 'cabhair', 'cuidiú' agus 'cúnamh', ach go bhfuil cuid acu níos coitianta ná a chéile i gcanúintí áirithe. Tá nós sa teanga fhoirmiúil 'cabhair' a úsáid nuair is tacaíocht airgeadais atá i gceist, mar shampla 'cabhair dheontais’ (grant aid). Tá nós ann, cé nach bhfuil sé iomlán leanúnach, 'cúnamh' a úsáid le haghaidh tacaíochta a bhfuil comhairle nó seirbhís i gceist léi, mar shampla 'cúnamh dlí' (legal aid).