BEARTAS NÓ POLASAÍ?

Sa teanga scríofa fhoirmiúil, úsáidtear 'beartas' i gcónaí sa chiall ‘moltaí maidir leis na bearta atá riachtanach chun aidhm éigin a bhaint amach’. Má luaitear 'polasaí' sa reachtaíocht is socrú tráchtála a bhíonn i gceist, mar shampla 'polasaí árachais'. Taobh amuigh de Thithe an Oireachtais, ar ndóigh, tá 'polasaí' i ndiaidh an svae a thabhairt leis, sa chaoi go mbítear ag trácht ar pholasaithe an Rialtais agus na bpáirtithe polaitíochta.

Tá dornán beag scríbhneoirí agus eagarthóirí Gaeilge ann fós a úsáideann an focal 'dúnghaois', focal a bhainfeadh preab as a lán léitheoirí a thuigfeadh 'polasaí' agus 'beartas' gan dua.