FOIRMEÁLTA NÓ FOIRMIÚIL?

Tá ‘foirmiúil’ agus ‘foirmeálta’ in iomaíocht lena chéile ar feadh i bhfad. De réir FGB, tá ‘foirmeálta’ ina leagan malartach de ‘foirmiúil’, in ainneoin ‘foirmeálta’ a bheith i bhfad níos coitianta sa ghnáthchaint. Tugtar an dá leagan ar www.focloir.ie ach is é ‘foirmiúil’ is mó a bhíonn in úsáid i dtéacsanna oifigiúla agus leathoifigiúla (nó i dtéacsanna ‘foirmiúla’, más fearr leat.) Tá an nod ‘gnáthúsáid’ le ‘foirmeálta’ ar www.tearma.ie.