IDIR

Úsáidtear ‘idir’ (agus an leagan malartach ‘eadar’) ar roinnt bealaí:

1. Mar réamhfhocal simplí sa chiall between: ‘idir an dá súil’.

De réir FGB agus GGBC, séimhítear i ndiaidh an ‘idir’ sin de ghnáth: idir thithe, idir pháirceanna. Luaitear trí eisceacht air sin in GGBC (4.10):

• Nuair is spás nó achar ama atá i gceist: Idir Corcaigh agus Gaillimh. Idir meán oíche agus maidin.
• Nuair is difríocht atá á cur in iúl: Is mór idir pingin agus punt.
• Nuair atá dhá rud nó dhá phearsa á gcur os coinne a chéile: Coimhlint idir Seán agus Maitiú.

D’fhéadfadh éiginnteacht áirithe a bheith ann de bharr na n-eisceachtaí sin. An achar ama atá i gceist le between meals, cuir i gcás? An idir béilíidir bhéilí ba cheart a scríobh? Tá bua na simplíochta sa treoir a tugadh in CO 1958 agus sa Chaighdeán Oifigiúil Athbhreithnithe (2012), is é sin gan séimhiú i ndiaidh ‘idir’ sa chiall between: idir tithe, idir béilí.

2. Úsáidtear ‘idir’ sa chiall ‘araon’ chomh maith: Tá idir bhuachaillí agus chailíní ar an scoil sin anois. Úsáidtear é sa chiall partly, mar shampla: Bhí sé idir gháire agus ghol.

Ní mór séimhiú tar éis ‘idir’ nuair a úsáidtear ar an gcaoi sin é. Féach, áfach, nach séimhítear focail dar tús d nó t  tar éis an fhocail ‘agus’ (nó an leagan giorraithe ‘is’): Idir shúgradh is dáiríre. Idir chléir agus tuath.