LIOSTAIGH / LIOSTÁIL

Tá difear céille idir ‘liostaigh’ agus ‘liostáil’ is fiú a thabhairt slán sa Ghaeilge scríofa, díreach ar aon dul le to list agus to enlist sa Bhéarla. Is ionann ‘liostáil’ agus dul san arm nó i seirbhís éigin – sin nó ballraíocht nó síntiús a bhaint amach. Is ionann ‘liostú’ agus liosta a dhéanamh de rudaí.