DEACRACHT

Is ait liom abairtí mar Bhí deacracht agam an cló a léamh. Ba dheacair ciall a bhaint as sin in éagmais poncaíochta a chuirfeadh casadh beag sa chiall: Bhí deacracht agam: an cló a léamh. Is dócha gur faoi thionchar an Bhéarla I had difficulty... a tháinig an struchtúr isteach sa Ghaeilge. Níl hé go bhfuil sé ag líonadh bearna ar bith sa Ghaeilge nuair atá Ba dheacair dom an cló a léamh ann nó Ní gan dua a léigh mé an cló.

Tá an aistíl chéanna ag baint le habairtí mar seo thíos.

  • Lean sí le deacracht é. (Ba le dua a lean sí é.)
  • Tháinig fonn gáire uirthi, mothúchán a mhúch sí le deacracht. (Ba dhian uirthi gan dul a gháire.)