GO MINIC

Sa Bhéarla, úsáidtear often sa chiall in large measure. Is é an chiall atá le Young voters are often radical A large number of young voters are radical. Is olc mar a oireann an úsáid sin don Ghaeilge: ‘Bíonn vótálaithe óga radacach go minic.’ Shílfeá go mbíonn siad radacach méid áirithe uaireanta seachas méid áirithe acu a bheith radacach. Is fearr cur chuige ar bhealach éigin eile, mar shampla: ‘Tá claonadh ag vótálaithe óga a bheith radacach.’