UASCHAMÓG

Nuair a thagann ‘de’ nó ‘do’ roimh fhocal a thosaíonn le guta (nó fh + guta) bítear idir dhá chomhairle cé acu is cirte: (1) ‘Lán gloine d’fhíon’ nó (2) ‘Lán gloine de fhíon’. Bíonn an dá leagan le feiceáil i dtéacsanna Gaeilge, ach is é an gnáthnós inniu (1) a scríobh.

Nuair a bhíonn ar scríbhneoirí coincheap deacair nó téarma nua a fhí isteach sa téacs, is minic a théann siad i muinín uaschamóg, mar atá déanta thíos:

    Thug mé an rud céanna fé ndeara i mhuintir oifigí an Rialtais; agus is beag den ‘Téip Dhearg’ a chonaic mé ag na hAirí ná ag na cléirigh is airde.
    Éamonn Mac Giolla Iasachta, An Aifric Theas (:124)

Shílfeá, ar shlí,nach raibh an t-údar rómhuiníneach faoin fhriotal sin, go raibh faitíos air go gcuirfí Béarlachas ina leith as lomaistriúchán a dhéanamh ar red tape. Sórt fál cosanta is ea na huaschamóga. Bhí an t údar Béarla Ernest Gowers ag gearán faoin nós chomh fada siar le 1948:

    ‘I know this is not quite the right word’, the inverted commas seem to say, ‘but I can’t be bothered to think of a better’; or, ‘please note that I am using this word     facetiously’; or, ‘don’t think I don’t know that this is a cliché’. If the word is the right one, do not be ashamed of it: if it is the wrong one, do not use it.

I gcás an tsampla thuas, b’fhearr go mór liom féin ‘maorlathas’ a scríobh, ach má shíleann an t-údar ‘téip dhearg’ a bheith inghlactha, b’fhearr dó é a chur i láthair na léitheoirí gan uaschamóga na híoróine.