COIBHNEAS INDÍREACH

De réir na ngraiméar go léir, is coibhneas indíreach a leanann ‘caoi’, 'fáth' srl. Is fíor sin nuair is úsáid dhobriathartha atá i gceist:

  • Ní maith liom an chaoi a ndéanann sé rudaí.
  • Sin an fáth ar éirigh sé as.

Ach féach:

  • Ní maith liom an chaoi a bhíonn aige le daoine. 
  • Cén fáth a bhí aige le héirí as?