CÉAD / CENTURY

Níl aon deacracht le nathanna mar ‘tús an chéid’ nó ‘scríbhneoirí an chéid seo caite’, ach is cabhair don léitheoir, ar uairibh, ‘céad bliain’ a scríobh seachas an focal lom ‘céad’. Féach, mar shampla:

  • The house has been empty for almost a century. 
  • Tá an teach folamh le céad, beagnach.

Is soiléire, measaim, ‘Tá an teach folamh le céad bliain.'