IOLRA NÓ UATHA? AINMFHOCAL SA GHINIDEACH

Cad é is cúis le leaganacha lochtacha ar nós doiciméad beartas (policy document)? Seans gur botún cló is cúis le cuid acu ach is dócha go bhfuil míthuiscint ann chomh maith. Toisc go mbíonn níos mó ná policy amháin i ndoiciméad, de ghnáth, shocraigh an t-údar (nó an t-aistritheoir) gurb é an lagiolra a theastaíonn, ar aon dul le ‘siopa leabhar’ agus ‘éadaí fear’.

Ach níltear ag trácht ar policies faoi leith anseo. Ní a document of policies atá ann. Míníonn policy cén cineál document atá ann. Ní doiciméad eolais ná doiciméad fianaise é, ach ‘doiciméad beartais’ ar aon dul le ‘leabhar filíochta’ nó ‘gléas ceoil’. Níl aon tábhacht le líon na n-ábhar ann. Teastaíonn níos mó ná ológ amháin chun olive oil a dhéanamh, ach is ‘ola olóige’ atá ann.