IOLRA NÓ UATHA? AONAID CHÉILLE

Is aonaid chéille iad ‘deireadh seachtaine’ agus ‘damhsa céilí’. Is péirí focal iad a chuireann coincheap amháin in iúl. Feidhmíonn na hainmfhocail ‘seachtaine’ agus ‘céilí’ mar a bheadh aidiacht ann, i.e. insíonn siad cén cineál damhsa agus deireadh atá ann. I gcás go mbeifí ag trácht ar níos mó ná deireadh seachtaine amháin, is é an chéad ainmfhocal ba cheart a chur san uimhir iolra, ach ní hannamh a fheictear deireadh seachtainí agus damhsa céilithe. Is é ba cheart a bheith ann ‘deirí seachtaine’ agus ‘damhsaí céilí’.