DÁNLANN NÓ GAILEARAÍ?

‘Dánlann Náisiúnta na hÉireann’ a thugtar ar The National Gallery of Ireland i bhformhór na reachtaíochta agus i roinnt mhaith ábhar a d’fhoilsigh an institiúid féin. Ach tá ‘Acht Ghailerí Náisiúnta na hÉireann, 1928’ ann agus is ‘Gailearaí Náisiúnta na hÉireann’ atá greanta i gcloch ar éadan an fhoirgnimh i mBaile Átha Cliath. Bítear anonn is anall idir an dá ainm. D’fhéadfaí a mhaíomh gurb é ‘gailearaí’ an focal is cruinne, mar cuimsíonn ‘na dána’ a lán nithe nach mbaineann leis na hamharc-ealaíona.

Tá athluaiteachas sa leagan coitianta 'dánlann ealaíne'. Is ionann ‘dánlann’ agus art gallery agus ní comaoin ar bith air ‘ealaín’ a chur leis.