CONNACHTA

Bíonn roinnt fadhbanna ag daoine leis an ainm seo.

  • Tugtar ‘Cúige Connacht’ in EID. ‘Cúige Chonnacht’ a thugtar in GGBC agus is fearr cloí leis sin.
  • ‘Connachta’ a deirtear sa tuiseal ainmneach agus sa tuiseal tabharthach, m.sh. ‘Thiar i gConnachta’. Baineann sin tuisle as daoine mar tá 'Connachta' cosúil le ginideach ar aon dul le ‘cumhachta’ nó ‘bunreachta’. Seans gur mar gheall air sin a tugadh ‘Cló Iar-Chonnachta’ ar an chomhlacht foilsitheoireachta Gaeilge. Athraíodh an t-ainm go ‘Cló Iar-Chonnacht’ ó shin. Sin é an ceart.