CUMANN LÚTHCHLEAS GAEL

Is minic a bhítear ag trácht, go hearraideach, ar 'An Cumann Lúthchleas Gael'. Is ainm dílis é ‘Cumann Lúthchleas Gael’. Is aonad ainmfhoclach cinnte é agus níor cheart an t-alt a chur leis, ach oiread agus a chuirfeá an t-alt  le ‘muintir Chiarraí’ nó ‘Raidió na Life’. Is mar seo a úsáidtear an t-ainm:

  • Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael.
  • Is é Cumann Lúthchleas Gael an eagraíocht spóirt is mó sa tír.