CONTAE / CONDAE

Is é 'contae' an litriú caighdeánach. Firinscneach atá sé, de réir FGB, cé gur baininscneach a bhíonn sé i gcanúintí áirithe. Mar sin de, 'foireann an chontae' atá caighdeánach, bíodh is go gcloisfeá 'foireann na condae' in amanna.