CEANNAIRE / CINNIRE

Is gnách 'ceannaire' seachas 'cinnire' a scríobh nuair is taoiseach nó ceann feadhna atá i gceist.

Tugadh 'cinnire' mar leagan malartach de 'ceannaire' in FGB ach níor tugadh aitheantas don fhocal sa chiall choitianta 'oibrí i gcoláiste samhraidh nó i gcampa óige'. Tá 'cinnire' tugtha sa chiall sin ar www.focloir.ie, áfach.