MODH ORDAITHEACH / AINM BRIATHARTHA

Ní hannamh a scríobhtar a leithéid seo: D’iarr sí orm an cruinniú a chuir siar.

'...an cruinniú a chur siar' ba cheart a bheith ann.

Caithfidh dealú idir an t-ainm briathartha agus an modh ordaitheach de bhriathra áirithe.

  • Críoch chaol a bhíonn ar an modh ordaitheach: cuir, freastail srl.
     
  • Críoch leathan a bhíonn ar an ainm briathartha: ag cur, ag freastal srl.