IS BEAG (AN)

Tá difear céille idir an dá leagan seo:

(1) Is beag duine a dhéanfadh a leithéid d'obair. Is ionann sin agus 'Níl mórán daoine a dhéanfadh a leithéid d'obair.'

(2) Is beag an duine a dhéanfadh a leithéid d'obair. Is ionann sin agus 'An duine a dhéanfadh a leithéid d'obair, chaithfeadh sé/sí a bheith beag.'