BHEITH / A BHEITH

Tá treoir sa Caighdeán Oifigiúil (2016) maidir le 'bheith' agus 'a bheith' a scríobh. Moltar 'a bheith' a úsáid i gcónaí ach amháin 'i ndiaidh chun nó réamhfhocail shimplí áirithe, e.g., chun bheith, as bheith, gan bheith, le bheith.' (91)

Treoir aisteach atá ann: má tá 'a bheith' ceart i ngach comhthéacs eile, ní léir cén locht atá ar leaganacha coitianta mar 'cuibheasach gan a bheith maíteach' nó 'chun a bheith ionraic leat'.