BAINISTEOIREACHT NÓ BAINISTÍOCHT?

Is ionann ‘bainisteoireacht’ agus managership, i.e. the theory and practice of being a manager. Is dócha gur ‘bainistíocht’ an focal is coitianta a úsáidtear inniu le haghaidh management, the actual business of managing. Ní thuigfeá an méid sin as na hiontrálacha in FGB, ach tá an teanga i ndiaidh athrú ó bhí 1977 ann.

Tá an dealú céanna céille le déanamh i gcás 'cuntasóireacht' agus 'cuntasaíocht' agus a lán samplaí eile.