TALAMH

Tá ‘talamh’ ar cheann eile de na focail sin nach bhfuil na foinsí eolais ar aon fhocal faoi. Maítear in FGB go bhféadann sé a bheith firinscneach nó baininscneach. De réir GGBC is í foirm an ghinidigh amháin atá dé-inscneach: ‘Focal eisceachtúil is ea talamh de bhrí go mbíonn sé firinscneach agus baininscneach araon sa ghinideach uatha amháin: an talaimh, na talún.’