CUSPÓIR AN BHRIATHAIR

Ba chóir go mbeadh sé soiléir cén cuspóir atá ag an bhriathar. Is deacra sin a dhéanamh nuair atá roinnt briathra agus cuspóirí san abairt, m.sh. D’éirigh sé as drugaí a úsáid chun a shamhlaíocht a spreagadh. Ní léir cé acu (1) a bhíodh drugaí á n-úsáid aige chun a shamhlaíocht a spreagadh nó (2) d’éirigh sé as na drugaí chun a shamhlaíocht a spreagadh.

Más (1) atá i gceist, b’fhearr leagan éigin mar seo: ‘Bhíodh drugaí á n-úsáid aige chun a shamhlaíocht a spreagadh, ach d’éirigh sé as an nós sin.’

Más (2) atá i gceist, b’fhearr leagan éigin mar seo: ‘Ba chun a shamhlaíocht a spreagadh a d’éirigh sé as drugaí a úsáid.’