DIÚLTACH NÓ DEARFACH?

Is minic dul dearfach ar abairt Ghaeilge nuair ab fhearr dul diúltach a bheith uirthi: Ba cheart do dhochtúirí gan frithbheathaigh a thabhairt do dhaoine nuair nach gá é sin.

B’fhearr a leithéid seo: Níor cheart do dhochtúirí frithbheathaigh a thabhairt do dhaoine nuair nach gá é sin.