INSCNE AGUS LEAGANACHA ILFHOCLACHA

Is minic a bhíonn meascán inscne i leaganacha ilfhoclacha Gaeilge, mar shampla ‘Bhain Shakespeare clú agus cáil amach dó féin.’ Is firinscneach ‘clú’ agus is baininscneach ‘cáil’. Cuir i gcás gur mian leis an scríbhneoir an aidiacht ‘síoraí’ a chur le ‘clú agus cáil’ – cé acu ‘clú agus cáil síoraí’ nó ‘clú agus cáil shíoraí’ a bheadh ann?

Is ag an ainmfhocal is gaire don aidiacht atá an ceannas: ‘clú agus cáil shíoraí’.