ÉIGEAN NÓ ÉIGIN?

Tugtar ‘éigin’ mar leagan malartach de ‘éigean’ in FGB ach ba chóir dealú idir an dá fhocal sin i dtéacsanna caighdeánacha. Ná scríobhtar Is ar éigin a bhí mé in ann éirí ach 'Is ar éigean a bhí mé in ann éirí.'

Is botún amach is amach é Tá duine éigean ar do lorg a scríobh, más botún coitianta féin é.