DÉARDAOIN

Ní shéimhítear an focal 'Dé', mar shampla 'oíche Dé Máirt'. Níor cheart é a shéimhiú san fhocal 'Déardaoin' ach oiread, cé gur minic a dhéantar sin sa ghnáthchaint. 'Oíche Déardaoin' ba chóir a scríobh.