SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Cleachtadh eagarthóireachta 15

Cuir i gcás go bhfuil an tuairisc seo thíos le léamh ar chlár nuachta raidió. An bhfuil an téacs oiriúnach don mheán sin? Mura bhfuil, cad é mar a dhéanfá é a athscríobh? Tá athleagan samplach agus nótaí tráchta le fáil i Nótaí ar chleachtadh 15.


Tá cosaint déanta ag an Uachtarán Barack Obama ar an ordú atá déanta aige gan tuairim is cúig mhilliún inimirceach neamhdhoiciméadaithe a dhíbirt níos mó. Cuireadh i leith an Uachtaráin nár cheart cinneadh chomh tromchúiseach a dhéanamh gan dul i gcomhairle leis an bhFreasúra, ach dúirt sé nach raibh aon dul as aige gníomhú leis féin nuair nár thug an Páirtí Poblachtach tacaíocht do Bhille Imirce a bhí cuimsitheach anuraidh.

Tá fáilte curtha ag eagraíochtaí a bhíonn ag plé le hinimircigh roimh an ordú. Meastar go raibh an díbirt as na Stáit Aontaithe ag bagairt ar 50,000 duine as Éirinn.

Áfach, tá coinníollacha ag baint leis an tarscaoileadh, nach mbeidh ar fáil ach do dhaoine a bhfuil a gclann ina saoránaigh Mheiriceánacha agus atá ina gcónaí i SAM le ar a laghad cúig bliana.