SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Cleachtadh eagarthóireachta 13

Tá 10 locht téarmaíochta/foclóra sa sliocht Gaeilge seo thíos. Caithfidh an t-eolas seo a leanas a thabhairt:

  • Gach locht a aimsiú.
  • Míniú gairid a thabhairt ar cén locht atá ar an téarma Gaeilge, m.sh. tá téarma níos coitianta in úsáid inniu, is leagan malartach é, níl an réim cheart don seánra téacs (alt nuachtáin) tá an téarma á úsáid sa chiall mhícheart agus araile.
  • An téarma ceart Gaeilge a sholáthar.   

Sampla: Informality is a distinguishing feature of the office of President of Ireland. Nevertheless, the usual international protocols are observed. / Tá an neamhfhoirmiúlacht ar cheann de na comharthaí sóirt a bhaineann le hoifig Uachtarán na hÉireann. Bíodh sin mar atá, cloítear leis na gnáth-dhréachtchonarthaí idirnáisiúnta.

Freagra: Baineann ‘dréachtchonradh’ le ciall eile den fhocal protocol. Saghas doiciméid atá ann. Is nósanna imeachta maidir le hiompar daoine atá i gceist sa sliocht thuas. B’fhearr ‘prótacal’ nó ‘comhghnás’.


Múineann gá seift

Is in uair na práinne is fearr a léirítear spiorad agus cruthaíocht an phobail. A fhianaise sin mar a d’iompair muintir na hÉireann iad féin i lár mhí Aibreáin na bliana 2010, nuair nach raibh cead eitilte ag aerárthach ar bith ba mhó ná faoileoir ná ingearán. ‘Seachtain thubaisteach a bhí ann do thionscal eitleoireachta na hÉireann,’ a deir Liam Mac an tSaoir, iarbhainisteoir le Ryanair. ‘Ní chuirfeadh sé rud ar bith i gcuimhne duit ach scéal ficsean eolaíochta: néal ollmhór de luaithreamhán bolcánach os cionn na hEorpa; cabhlach iomlán Ryanair ar an talamh, gach teirminéal in Aerfort Bhaile Átha Cliath folamh. Ba dheacair a mhíniú do dhaoine i dtosach cé chomh contúirteach is a bhí an luaithreamhán. “Níl ann ach páirteagail deannaigh,” a dúirt a lán daoine, ach níor thuig siad an scrios a dhéanfadh a leithéid ar eitleán.’

Bhí Caitríona Ní Mhainnín ar dhuine de na mílte Éireannach a fágadh san fhaopach. ‘Agallamh poist a bhí agam sa Bhruiséil – post a theastaigh go géar uaim.’ Ach oiread leis na mílte eile, b’éigean di a bealach féin a dhéanamh. ‘Níor bhac mé le dul go dtí an t-aerfort mar ba mhaith a bhí a fhios agam nach gceadófaí an eitilt. Chuaigh mé leis an gcarrchaladh ó Latharna go hAlbain agus le bus as sin go Londain. Chuaigh mé ar bord an Eurostar ansin chun na Bruiséile.’ Bhí críoch shona air mar scéal: ‘Ceapadh sa phost mé,’ a deir Caitríona.

Is de shliocht Éireannach iad Seán Murtagh agus Bill Coleman, a bhí san Astráil le haghaidh a searmanais pháirtíochta sibhialta in oifig chláraithe in Sydney. Bhí siad le filleadh ar Londain an lá dár gcionn, áit a raibh halla curtha in áirithe ag a gcairde chun an ócáid a cheiliúradh. ‘Thit mo chroí nuair a dúradh linn nach mbeadh eitilt ar bith ann,’ a deir Seán. ‘Ba bheag orm an chóisir a chur ar ceal ach cén mhaith dul ar aghaidh léi agus gan muidne a bheith ann?’ Ba é bainisteoir an óstáin a mhol dóibh úsáid a bhaint as an trealamh físchruinnithe a bhí acu. ‘Bhí oíche mhór againn ag comhrá agus ag ól sláinte a chéile – muidne san Astráil agus iadsan i Londain.’