SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Cleachtadh 9

Téacs liteartha (ó Ghaeilge go Béarla)
 

Cuir Béarla ar an aistriúchán seo thíos a rinne Gearóid Ó Nualláin ar shliocht as Travels in Africa, le Mungo Park. (Studies in Modern Irish, Imleabhar II: 39–41) Tá caighdeánú áirithe déanta ar an sliocht ach tá blas Muimhneach air i gcónaí.

• Breac nóta síos faoi na deacrachtaí a bhí agat agus an téacs á aistriú agat. An raibh aon fhocal ar leith nárbh fhurasta é a aistriú? An raibh deacrachtaí comhréire ann?
• Más i rang nó i seimineár atá tú, bí réidh le húdar na deacrachta a phlé agus a mhíniú cad é mar a réitigh tú é.
• Cuir d’iarrachtaí i gcomparáid leis an mbunleagan Bearla i Nótaí ar chleachtadh 9.

D’fhanas ann ar feadh breis is dhá uair an chloig, gan an chaoi a bheith agam ar dhul thar abhainn anonn. Lena linn sin na daoine a bhí gabhtha anonn d’inseadar don Rí, do Mhansong, gurbh amhlaidh a bhí fear an bháinchnis ag teacht á fhéachaint, ach é a bheith ag feitheamh lena thabhairt anall. Do chuir an rí duine dá thaoisigh chugam láithreach á chur in iúl dom nach bhféadfadh an rí cead cainte leis a thabhairt dom in aon chor, go dtí go mbeadh a fhios aige cad a thug ar cuairt chun a thíre mé; agus go gcaithfinn gan a bheith de dhánacht ionam gabháil thar an abhainn gan cead d’fháil uaidh.
    Thaispeáin an taoiseach dom sráidín beag a bhí tamall uainn, agus thug sé de chomhairle dom cur fúm ann i gcomhair na hoíche, á rá go dtabharfadh sé tuilleadh eolais dom, ar maidin lá arna mhárach, ar conas ba cheart dom mé féin a iompar. Ní puinn misnigh do chuir an chaint sin ionam. Ach ‘rud gan leigheas foighne is fearr air.’ Do ghluaiseas liom fé dhéin an tsráidín. Ach, mo chreach is mo chás, ní thabharfadh éinne dá raibh ann bheith istigh dom. Is amhlaidh a d’fhéach siad orm, agus ionadh agus alltacht orthu, agus b’éigean dom fanacht i mo throscadh feadh an lae agus mé i mo shuí faoi scáth crainn. Bhí crot bagarthach ar an oíche; d’éirigh an ghaoth, agus bhí ana-dhealramh clagair ar an spéir. Ina theannta sin, tá oiread sin beithíoch allta sa chomharsanacht gur róbhaol go mbeinn ana-mhísheascair, mar go gcaithfinn dul in airde ar an gcrann, agus mo shuaimhneas do cheapadh i measc na ngéag.
    Ach, um fuineadh na gréine, agus mé do m’ullmhú féin chun an oíche do chaitheamh ar an gcuma san, agus mé tar éis mo chapall do scor, agus a ligint dó bheith ag innilt, do tharla go raibh bean áirithe ag filleadh abhaile tar éis obair an lae do chríochnú di, agus gur thug sí fé ndeara mé. Do stad sí ag féachaint orm. Agus nuair a thuig sí gur tuirse agus ceann fé a bhí orm, d’fhiafraigh sí díom cad a bhí tar éis titim amach dom. Do mhíníos an scéal di. Do ghlac sí trua dom, dar liom; d’ardaigh sí léi an diallait agus an srian, agus dúirt liom í a leanúint. Do thug sí léi isteach ina bothán féin mé, las sí lampa, do leath sí brat ar an urlár, agus dúirt liom go raibh cead agam an oíche do chaitheamh ann.