SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Nótaí ar chleachtadh eagarthóireachta 12

Michelangelo Buonarroti

Is é tuairim na ndaoine is fearr eolais1 ar chúrsaí ealaíne gurbh é Michelangelo Buonarroti an t-ealaíontóir b’éirimiúla2 dar3 mhair riamh. Rug sé an chraobh leis ó dheilbheadóirí4 na seanGhréige5 agus Ré na Críostaíochta araon. Fairis sin, d’fhág sé ina dhiaidh pictiúirí6 áirithe atá ionchurtha7 le saothar sármháistrí8 a linne féin. Ní beag sin.
    Sa bhliain 1475 a saolaíodh é, i mbaile beag Castel Caprese (ar a dtugtar ‘Caprese Michelangelo’ inniu air).9 Giúistis10 síochána ba ea a athair. Theastaigh ón athair go rachadh a mhac le gairm mheasúil, phraicticiúil11 éigin. Ní raibh puinn spéise ag an bhfear óg ina leithéid, ach é ag siúl chúlshráideanna12 Flórans13 ag iarraidh teacht ar na seoda ealaíne a bhí le fáil i séipéil agus in árais cónaithe14 na n-uaisle. Ghéill an t-athair faoi dheireadh agus cuireadh Michelangelo ar phrintíseacht15 le Domenico Ghirlanaio, péintéir a raibh a ainm in airde san am.
    Ar éigin16 a bhí bliain curtha de ag Michelangelo sa scoil sin nuair a fuair sé an tairiscint a chuir corr17 ina chinniúint. Bhí acadamh nua á bhunú ag Lorenzo de’ Medici agus ba mhian leis Michelangelo18 bheith ann. Bhí saibhreas mór ag Lorenzo, a fuair sé le hoidhreacht ó ghnó baincéireachta a athair.19 Bhí féith na cruthaíochta20 i Lorenzo, agus is mó21 pictiúr agus dán leis atá fós ar marthainn.22 Go deimhin, chuaigh gnóthaí tráchtála an teaghlaigh ar chúl23 go mór le linn Lorenzo a bheith ina gcionn.24 Is é rud25 a chuir sé roimhe acadamh a bhunú a bheadh ar aon dul le hAcadamh Phlatóin26 san Aithin. Dar ndóigh, ní fhéadfadh leithéid de27 Michelangelo gan suim a chur i bhfiontar chomh dána agus chomh uaillmhianach28 leis sin.
    Chaith Michelangelo dhá bhliain i gcuideachta na saoithe, ag cur barr slacht29 ar na scileanna a bhí aige ó dhúchas. Ach is annamh an suairceas gan an duairceas ina orlaigh30 tríd. Fuair Lorenzo bás sa bhliain 1492. Faoi dheireadh na bliana 1494 bhí teaghlach Medici díbrithe31 as Flórans agus bhí Girolamo Savonarola, bráthair Doiminiceánach,32  i réim agus i gcumhacht. Ba olc33 an tuar do lucht na n-ealaíon é. Lá den saol, bhí gradam agus patrúntacht34 le fáil ag ealaíontóirí i bhFlórans. Le linn Savonarola, ní raibh ann ach naimhdeacht35 agus cur-faoi-chois.36 Tá cuimhne fós ar an tine chnámh a d’ordaigh Savonarola i gceart lár37 na cathrach. Cuireadh gasúir ó theach go teach ag lorg rudaí ‘págánta’ a bhféadfadh38 a bheith ina n-údar peaca. Dódh leabhair ‘shaolta’, uirlisí ceoil, scátháin agus fiú amháin éadaigh39 a thabharfadh scannall40 do na fíréin. De réir seanchas41 na cathrach, chaith Savonarola féin cúpla saothar le Botticelli ar an gcarn le tréan dímheasa ar an ealaín. Cé 42 thógfadh ar Michelangelo é dá measfadh sé gurbh fhearr dó imeacht?

    Ba sa Róimh, mar sin, a chruthaigh Michelangelo na mórshaothair lenar bhain sé clú agus cáil síoraí43 amach dó féin. Bhí an seansaol clasaiceach agus an cultúr Críostaí fite fuaite i saothar Michelangelo riamh. Rinne sé dealbh de Dháiví rí, mar shampla, agus dealbh de Bhacas, dia fhíon44 na Rómhánach. Agus é sa Róimh, dhírigh sé go huile is go hiomlán ar an ealaín chráifeach. Ní fios cé acu le díograis chreidimh nó le saint airgid a ndearna45 sé amhlaidh. Fostaíodh é ag an bPápa Iúil II46 chun freascó a phéinteáil ar shíleáil an tSéipéil Sistínigh.47 Bhí leisc48 ar Michelangelo tabhairt faoin gcoimisiún dúshlánach sin. Creid é nó ná creid, ní raibh sé rómhuiníneach as a chumas péintéireachta. Chaith sé ceithre bliana ar fad ag dul dá49 mhórshaothar, An Breithiúnas Deireannach,50 a áirítear ar sheoda ealaíne an domhain.

Tráchtaireacht

is fearr eolas... Féach SÁRCHÉIM sa bhunachar Cruinneas.

2 ab éirimiúla... ‘Ab’ a úsáidtear mar mhír choibhneasta san aimsir chaite roimh fhocail a thosaíonn le guta nó fh + guta, m.sh. ‘An duine ab fhearr sa rang’, ‘An bhean ab áille gné.’

3 dár mhair... Féach DAR NÓ DÁR?

4 ó dhealbhóirí... Is leagan malartach é ‘deilbheadóirí’.

5 na Sean-Ghréige... Féach an cur síos ar an bhfleiscín in GGBC 3.6.

6 pictiúir...Sin é an t-iolra caighdeánach. Tá cuntas ar conas teacht ar an iolra, ar an inscne agus ar an nginideach caighdeánach in In Ord is in Eagar: 24-26.

7 inchurtha... Ní chloítear i gcónaí le ‘caol le caol, leathan le leathan’ i gcomhfhocail. Anuas air sin, tá ciall eile leis an mbriathar ‘ionchuir’, i.e. input.

8 saothar shármháistrí a linne... Féach GGBC: 4.17.

9 ar a dtugtar ‘Caprese Michelangelo’ inniu a dtugtar ‘Caprese Michelangelo’ inniu air... Is leor an réamhfhocal ‘ar’ a lua uair amháin.

10 Giúistís... Mílitriú.

11 phraiticiúil... Mílitriú.

12 chúlsráideanna...Ní shéimhítear idir DNTLS i gcomhfhocail de ghnáth m.sh. ‘cúldoras’, ‘spotsolas’.

13 Fhlórans...Is logainm traslitrithe é ‘Flórans’ agus ba chóir é a shéimhiú ach oiread le logainm ar bith eile sa Ghaeilge.

14 árais chónaithe... An chríoch chaol ar ‘árais’ is cúis leis an séimhiú.

15 ar printíseacht...Is staid atá ann ach oiread le ‘ar cíos’, ‘ar crochadh’ srl.

16 Ar éigean... Tugtar ‘éigin’ mar leagan malartach de ‘éigean’ in FGB ach ba chóir dealú idir an dá fhocal seo i dtéacsanna caighdeánacha.

17 cor ina chinniúint... Mílitriú.

18 Michelangelo a bheith ann... Féach BHEITH / A BHEITH.

19 ó ghnó baincéireachta a athar... Is focal de chuid an chúigiú díochlaonadh é ‘athair’.

20 féith na cruthaitheachta...Tá ciall eile le ‘cruthaíocht’, i.e. cuma, cruth.

21 is iomaí... Leagan malartach is ea ‘is mó’.

22 ar marthain...Mílitriú.

23 ar gcúl...Sin é an leagan a theastaíonn chun ‘meath’ nó ‘dul in olcas’ a chur in iúl.

24 ina gceann...Féach ceann > i gceann in FGB

25 Is éard... Leagan malartach is ea ‘Is é rud.’

26  Phlatón... Ainm den cheathrú díochlaonadh.

27 leithéid Michelangelo...Níl mórán céille leis an leagan atá sa téacs, seachas, b'fhéidir, such a Michelangelo.
 
28 huaillmhianach...Féach cuntas cuimsitheach ar an réamhlitir ‘h’ in GGBC: 5.16.

29 barr slachta... Dhá ainmfhocal agus an dara ceann sa tuiseal ginideach.

30 ina orlaí tríd...Mílitriú.

31 díbeartha... Aidiacht bhriathartha mhalartach is ea ‘díbrithe’.

32 Doiminiceach... Leagan malartach is ea ‘Doiminiceánach’.

33 B’olc... Is gnách ‘ba’ a ghiorrú go ‘b’ roimh ghutaí agus fh + guta. Eisceacht air sin is ea na forainmneacha é, í, iad, ea, m.sh. ‘Ba é Peadar a bhí ann.’ Ceadaíonn an Caighdeán Oifigiúil Athbhreithnithe (2012) 'ba' nó 'b' a úsáid i gcomhthéacsanna áirithe. Féach alt 7.2.1: 'Féadtar an dá fhoirm a úsáid roimh réamhfhocal, roimh fhorainm réamhfhoclach nó roimh dhobhriathar: Ba aici a bhí an ceart / b’aici a bhí an ceart, ba as Gaillimh é / b’as Gaillimh é, ba ann a bhí sé / b’ann a bhí sé, ba ó Bhaile Átha Cliath í / b’ó Bhaile Átha Cliath í, ba ar theacht i bhfeidhm an Achta a tharla sé / b’ar theacht i bhfeidhm an Achta a tharla sé.'

34  patrúnacht... Leagan malartach nach luaitear in FGB is ea ‘patrúntacht’.

35 naimhdeas... Leagan malartach is ea ‘naimhdeacht’.

36 cur faoi chois... Ina shraith focal scartha a scríobhtar an leagan seo.

37  i gceartlár... Comhfhocal seachas dhá fhocal scartha.

38 a d’fhéadfadh a bheith ina n-údar peaca...Coibhneas díreach seachas coibhneas indíreach.

39 éadaí... Is é atá in ‘éadaigh’ ná ginideach an fhocail ‘éadach’, m.sh. ‘ball éadaigh’ (an item of clothing). Is ionann ‘éadaí’ agus an uimhir iolra de ‘éadach’, m.sh. ‘eadaí fear’, ‘éadaí ban’.

40 scannal... Mílitriú.

41 De réir sheanchas na cathrach... Féach GGBC: 4.17.

42 Cé a thógfadh...Caithfidh an mhír choibhneasta ‘a’ a bhreacadh isteach i ndiaidh ‘cé’.

43 cáil shíoraí... Is focal baininscneach é ‘cáil’ agus sin é an focal is deise don aidiacht.

44 dia fíona na Rómhánach... Ní hé the god of Roman wine atá i gceist, ach the Roman god of wine.

45 a rinne sé amhlaidh... Coibhneas díreach a leanann ‘cé acu.’

46 D’fhostaigh an Pápa Iúil II é... nó Rinne an Pápa Iúil II é a fhostú... Féach BRIATHAR SAOR.

47 an tSéipéil Shistínigh...Is aidiacht shimplí ‘Sistíneach’ agus séimhítear é ach oiread le haidiacht ar bith a cháilíonn ainmfhocal sa ghinideach.

48 leisce...Leagan malartach is ea ‘leisc’.

49 ag gabháil dá mhórshaothar... Féach gabh > gabh do in FGB.

50 Deireanach...Mílitrú