SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Cleachtadh eagarthóireachta 12

Cuir i gcás go gcaithfidh tú cóipeagarthóireacht a dhéanamh ar an téacs seo thíos,is é sin gach botún litrithe agus gramadaí a cheartú agus gach leagan malartach a chaighdeánú.

Modh oibre
 

  • Léigh an téacs uair amháin ó thús deireadh gan rud ar bith a mharcáil.
  • Léigh arís go cúramach é agus cuir líne faoi gach leagan a mheasann tú a bheith mícheart nó neamhchaighdeánach agus faoi gach leagan atá le seiceáil agat. Gabh siar ar an téacs nó ar chodanna de chomh minic agus is gá.
  • Cuimhnigh nach bhfuil stíl an téacs le hathrú. Seans go bhféadfaí an prós a fheabhsú ach ní chuige sin atáimid.
  • Léigh tríd an téacs arís agus breac an leagan ceart nó an leagan caighdeánach os cionn na líne nó ar thaobh an leathanaigh.
  • Más i rang nó i seimineár atá an cleachtadh á dhéanamh, bí réidh le do chuid ceartúchán a mhíniú.
  • Cuir d’iarracht féin i gcomparáid le Nótaí ar chleachtadh eagarthóireachta 12.

 

Michelangelo Buonarroti

 
Is é tuairim na ndaoine is fearr eolais ar chúrsaí ealaíne gurbh é Michelangelo Buonarroti an t-ealaíontóir b’éirimiúla dar mhair riamh. Rug sé an chraobh leis ó dheilbheadóirí na seanGhréige agus Ré na Críostaíochta araon. Fairis sin, d’fhág sé ina dhiaidh pictiúirí áirithe atá ionchurtha le saothar sármháistrí a linne féin. Ní beag sin.
    Sa bhliain 1475 a saolaíodh é, i mbaile beag Castel Caprese (ar a dtugtar ‘Caprese Michelangelo’ inniu air). Giúistis síochána ba ea a athair. Theastaigh ón athair go rachadh a mhac le gairm mheasúil, phraicticiúil éigin. Ní raibh puinn spéise ag an bhfear óg ina leithéid, ach é ag siúl chúlshráideanna Flórans ag iarraidh teacht ar na seoda ealaíne a bhí le fáil i séipéil agus in árais cónaithe na n-uaisle. Ghéill an t-athair faoi dheireadh agus cuireadh Michelangelo ar phrintíseacht le Domenico Ghirlanaio, péintéir a raibh a ainm in airde san am.
    Ar éigin a bhí bliain curtha de ag Michelangelo sa scoil sin nuair a fuair sé an tairiscint a chuir corr ina chinniúint. Bhí acadamh nua á bhunú ag Lorenzo de’ Medici agus ba mhian leis Michelangelo  bheith ann. Bhí saibhreas mór ag Lorenzo, a fuair sé le hoidhreacht ó ghnó baincéireachta a athair. Bhí féith na cruthaíochta i Lorenzo, agus is mó pictiúr agus dán leis atá fós ar marthainn. Go deimhin, chuaigh gnóthaí tráchtála an teaghlaigh ar chúl go mór le linn Lorenzo a bheith ina gcionn. Is é rud a chuir sé roimhe acadamh a bhunú a bheadh ar aon dul le hAcadamh Phlatóin san Aithin. Dar ndóigh, ní fhéadfadh leithéid de Michelangelo gan suim a chur i bhfiontar chomh dána agus chomh uaillmhianach leis sin.
    Chaith Michelangelo dhá bhliain i gcuideachta na saoithe, ag cur barr slacht ar na scileanna a bhí aige ó dhúchas. Ach is annamh an suairceas gan an duairceas ina orlaigh tríd. Fuair Lorenzo bás sa bhliain 1492. Faoi dheireadh na bliana 1494 bhí teaghlach Medici díbrithe as Flórans agus bhí Girolamo Savonarola, bráthair Doiminiceánach, i réim agus i gcumhacht. Ba olc an tuar do lucht na n-ealaíon é. Lá den saol, bhí gradam agus patrúntacht le fáil ag ealaíontóirí i bhFlórans. Le linn Savonarola, ní raibh ann ach naimhdeacht agus cur-faoi-chois. Tá cuimhne fós ar an tine chnámh a d’ordaigh Savonarola i gceart lár na cathrach. Cuireadh gasúir ó theach go teach ag lorg rudaí ‘págánta’ a bhféadfadh a bheith ina n-údar peaca. Dódh leabhair ‘shaolta’, uirlisí ceoil, scátháin agus fiú amháin éadaigh a thabharfadh scannall do na fíréin. De réir seanchas na cathrach, chaith Savonarola féin cúpla saothar le Botticelli ar an gcarn le tréan dímheasa ar an ealaín. Cé  thógfadh ar Michelangelo é dá measfadh sé gurbh fhearr dó imeacht?
    Ba sa Róimh, mar sin, a chruthaigh Michelangelo na mórshaothair lenar bhain sé clú agus cáil síoraí amach dó féin. Bhí an seansaol clasaiceach agus an cultúr Críostaí fite fuaite i saothar Michelangelo riamh. Rinne sé dealbh de Dháiví rí, mar shampla, agus dealbh de Bhacas, dia fhíon na Rómhánach. Agus é sa Róimh, dhírigh sé go huile is go hiomlán ar an ealaín chráifeach. Ní fios cé acu le díograis chreidimh nó le saint airgid a ndearna sé amhlaidh. Fostaíodh é ag an bPápa Iúil II chun freascó a phéinteáil ar shíleáil an tSéipéil Sistínigh.  Bhí leisc ar Michelangelo tabhairt faoin gcoimisiún dúshlánach sin. Creid é nó ná creid, ní raibh sé rómhuiníneach as a chumas péintéireachta. Chaith sé ceithre bliana ar fad ag dul dá mhórshaothar, An Breithiúnas Deireannach, a áirítear ar sheoda ealaíne an domhain.