SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Nótaí ar chleachtadh 8

Iarradh oraibh nótaí a bhreacadh síos faoi dheacrachtaí sa téacs. Pléifimid anois cuid de na fadhbanna foclóra agus comhréire a bhaineann leis an téacs áirithe seo.
 

Dombey1 sat in the corner of the darkened2 room in the great arm-chair by the bedside, and Son3 lay tucked up warm in a little basket4 bedstead, carefully disposed on a low settee immediately in front of the fire and close to it,5 as if his6 constitution were analogous to that of a muffin,7 and it was essential to toast him brown while he was very new.

Dombey was about eight-and-forty years of age. Son about eight-and-forty minutes.8 Dombey was rather bald, rather red, and though a handsome well-made man, too stern and pompous in appearance, to be prepossessing. Son was very bald, and very red, and though (of course)9 an undeniably fine infant, somewhat crushed and spotty10 in his general effect, as yet. On the brow of Dombey, Time and his brother Care had set some marks, as on a tree that was to come down in good time – remorseless twins they are for striding through their human forests, notching as they go – while the countenance of Son was crossed with a thousand little creases, which the same deceitful Time would take delight in smoothing out and wearing away with the flat part of his scythe, as a preparation of the surface for his deeper operations.11

Dombey, exulting in the long-looked-for event,12 jingled and jingled the heavy gold watch-chain that depended from below his trim blue coat, whereof the buttons sparkled phosphorescently13 in the feeble rays of the distant fire.14 Son, with his little fists curled up and clenched, seemed, in his feeble way, to be squaring at existence for having come upon him so unexpectedly.

‘The House15 will once again, Mrs Dombey,’ said Mr Dombey,16 ‘be not only in name but in fact Dombey and Son;’ and he added, in a tone of luxurious satisfaction, with his eyes half-closed as if he were reading the name in a device17 of flowers, and inhaling their fragrance at the same time; ‘Dom-bey and Son!’

The words had such a softening influence, that he appended a term of endearment to Mrs Dombey’s name (though not without some hesitation, as being a man but little used to that form of address): and said, ‘Mrs Dombey, my–my dear.’

Tráchtaireacht

1. Déanann roinnt daoine, agus an téacs seo á aistriú acu, ‘Ó Díomasaigh’ den sloinne ‘Dombey’. ‘Dempsey’ an leagan béarlaithe is coitianta a fhreagraíonn don sloinne gaelach ‘Ó Díomasaigh’. Seans gur tharraing roinnt Éireannach ‘Dombey’ chucu féin fosta – níl a fhios agam. Admhaím go bhfuil clisteacht ag baint le ‘díomas’ (pride, arrogance) i gcomhthéacs an scéil seo, nó is duine uaibhreach an tUasal Dombey. Cabhraíonn ‘an Díomasach’ linn fosta cuid de na deacrachtaí a bhaineann le teidil ar nós Mr agus Mrs a sheachaint, fadhb a thagann aníos níos faide anonn sa téacs.  Bíodh sin mar atá, measaim féin nár cheart sloinnte a aistriú ach iad a fhágáil sa teanga fhoinseach mar chomhartha ar an gcultúr lena mbaineann an scéal.

2. Tá a fhios agam gur darkened atá sa Bhéarla ach is ionann brí dó agus do dark. Ní hé go raibh duine éigin i ndiaidh an seomra ‘a dhorchú’. Ní aidiacht bhriathartha a theastaíonn (‘dorchaithe’), ach aidiacht shimplí: ‘dorcha’.

3. Ní bheadh an t-aistriúchán litriúil ‘Mac’ róshásúil, dar liom. D’fhéadfadh an léitheoir a thuiscint as sin gur ‘Mac’ an t-ainm (nó an leasainm) atá ar an bpáiste. B’fhearr ‘Dombey Óg’ nó ‘Mac Dombey’ nó ‘a Mhac’. Bheifeá ag súil, ar ndóigh, le ‘a mhac’ ach fágtar an cheannlitir díreach mar a bheadh sé ar chomhartha siopa (Dombey agus a Mhac), mar léiriú ar phostúlacht Dombey. Níl aon ní ar intinn an fhir seo ach oidhre a bheith aige a choinneoidh an gnó ar siúl.

4. Chuaigh a lán daoine in abar agus iad ag iarraidh basket bedstead a aistriú. Níl i gceist dáiríre ach gur cuireadh an leanbh i gciseán agus go gcodlaíonn sé ann mar a chodlódh duine i leaba. Admhaím gur úsáid neamhghnách atá ann. Is é an chiall atá le bedstead, de ghnáth, ná fráma na leapa, gan an tocht ná na héadaí leapa a bheith san áireamh. Ach ní dochar dúinn déileáil leis amhail agus gur bed atá ann. Is fearr go mór é sin ná leagan éigin dothuigthe a scríobh, ar nós ‘ina cheann leapa ciseáin’. Agus ní hé sin atá ann, le fírinne. Thiocfadh ‘leaba’ a fhágáil as ar fad: ‘Bhí Dombey Óg cuachta suas go deas teolaí i gciseán beag...’

5. Dá ndéanfaí aistriúchán an-dílis ar immediately in front of the fire and close to it, is é a bheadh ann ná ‘os comhair na tine agus in aice léi’. B’ait an leagan é sin, dar liomsa. Má tá an ciseán ‘díreach os comhair’ na tine níl feidhm ar bith le ‘lena hais’. Is leor ‘díreach’ chun proximity a chur in iúl.

6. Ní mór cúram a dhéanamh do na forainmneacha anseo. San abairt Bhéarla, is léir gurb é an leanbh atá i gceist le his. Ní bheadh an forainm chomh soiléir céanna san abairt Ghaeilge, áfach, ó tharla go bhfuil ‘ciseán’ ann díreach roimhe.

7. Shíl duine nó beirt nach bhfuil ‘bocaire’ ná ‘muifín’ dúchasach don Ghaeilge, agus chum siad leaganacha le cur ina áit. Is rogha dhlisteanach é sin; gâteau atá i gcuid de na haistriúcháin Fraincise a rinneadh ar an leabhar seo, cuir i gcás. Rud eile ar fad atá ann an focal ceart Gaeilge a aimsiú. Scríobh roinnt daoine: ‘mar a bheadh bonnóg/builín aráin úr ann’. Is maith liom sin ach tá fadhb leis: nach mbeadh dath ar an mbonnóg nó an ar an mbuilín ag teacht amach as an oigheann dó? Ar a laghad, ar bith, ní gá bonnóg a thóstáil. B’fhearr liom féin ‘muifín’ nó ‘bocaire’ a choinneáil ann, ach níl ann ach mo thuairim féin.

8. Mholfainn struchtúr treise a úsáid anseo chun an chodarsnacht idir an bheirt a shuíomh: ‘Bhí Dombey tuairim is ocht mbliana is daichead d’aois. Tuairim is ocht nóiméad is daichead a bhí a Mhac.’

9. Tá mé in amhras faoi fheidhm an natha sin of course. Dá ndéanfaí aistriúchán litriúil air, agus ‘ar ndóigh’ a chur idir lúibíní, dhéanfaí praiseach den abairt. Níl san of course sin ach léiriú eile ar mhórchúis Dombey. Ní thiocfadh lena leithéid ach mac breá a bheith aige. B’fhearr cur chuige ar bhealach eile: ‘Ní shéanfadh aon duine nár bhreá an leanbh é (ní bheifeá ag súil lena mhalairt)...’

10. Ní shílim gur goiríní atá i gceist leis sin. Le déagóirí a shamhlaímse goiríní. An leanbh a bheith ballach atá i gceist, creidim.

11. Tá comhréir na habairte Béarla rud beag ait, sa chaoi a luaitear Time and Care agus a ndéantar tagairt dóibh níos faide anonn san abairt. Bheadh fonn orm an dara tagairt a fhí isteach sa chéad cheann, mar seo: ‘An cúpla neamhthrócaireach úd, Am agus Imní, a shiúlann go sotalach trí coillte Chlann Ádhaimh ag cur eanga anseo is eanga ansiúd, bhí siad i ndiaidh a rian a fhágáil ar éadan Dombey, mar a dhéanfaí ar chrann atá le leagan in am agus i dtráth.’

12. Caithfidh a bheith cúramach gan a thabhairt le fios go raibh Dombey ag súil leis an dochar a dhéanfaidh Am agus Imní. Níor mhiste, fiú amháin, focal breise a chur isteach sa Ghaeilge: ‘B’fhada a bhí súil in airde ag Dombey leis an lá seo...’

13. Ní gan dua a aistrítear phosphorescently. Aimsíonn daoine focail mar ‘go méarnálach’ agus ‘go tineghealánach’ in FGB ach seans gur leor ‘ag spréacharnach’. Féach an t-aistriúchán Fraincise, Dombey et Fils, a foilsíodh in 1895: ‘son bel habit bleu, dont les boutons brillants reflétaient ...la faible clarté du foyer.’

14. Bíonn leaganacha mar seo ag daoine: ‘cnaipí na casóige ag spréacharnach i bhfannsolas na tine a bhí i bhfad uaidh’. Is ait liom an ‘i bhfad uaidh’ sin.  Ní shílim go bhfuil distant chomh tábhachtach sin agus gur fiú an abairt a chur as a riocht ag iarraidh freastal air. Go deimhin, d’fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil sé le tuiscint ón bhfocal ‘fannsolas’ gur solas lag a bhí ag teacht ón tine, toisc í a bheith tamall ar shiúl.

15. Is deacair a rá cén bhrí den fhocal house atá i dtreis ansin: an ‘fine’ atá i gceist mar a bheadh i leaganacha mar The House of Orange/Teaghlach Oráiste nó an téarma gnó atá ann ar nós publishing house? Ón aithne atá againn ar Dombey, bheadh fonn orainn tús áite a thabhairt don chiall tráchtála, ach cén chiall a bhainfeadh léitheoirí as ‘Teach Dombey?’ San aistriúchán a rinne mé féin, d’fhág mé house ar lár agus chuir mé ‘Dombey agus a Mhac’ ina áit.

16. Tá deacracht chultúrtha leis sin mar ní deirtear MrMrs sa Ghaeilge. Ní bheinn anuas ar dhaoine a d’fhágfadh na teidil sin i mBéarla, faoi mar a d’fhágfaí MonsieurMadame in aistriúchán ón bhFraincis. Ach má táthar chun é a aistriú caithfidh é a dhéanamh mar is ceart. Scríobh roinnt daoine ‘a bhean mo chroí’ agus, gan amhras, is leagan éigin mar sin a déarfadh fear céile lena bhean phósta i nGaeilge. Ach tá gean agus grá in ‘a bhean mo chroí’ nach samhlófá leis an duine postúil seo. Go deimhin, cuirtear iontas ar an léitheoir nuair a úsáideann sé focal ceana i ndeireadh an tsleachta seo.  Bheadh ‘a bhean’ lom a dhóthain, dar liom: “Dombey agus a Mhac,” a bhean,’ a dúirt Dombey.

17. Ní gnách device a úsáid sa chiall sin inniu. Tá baint aige le devise na Fraincise: (1) Mana nó suaitheantas (2) an ornamental pattern or picture, as in embroidery.

Aistriúchán samplach

Ag seo thíos m’iarracht féin ar an téacs a aistriú. Ní mhaím go bhfuil sé gan locht ná nach bhféadfaí a lán leaganacha eile a úsáid sa bhreis ar na leaganacha a roghnaigh mise.
 

I gcúinne den seomra dorcha a bhí Dombey, é ina shuí sa chathaoir mhór uilleach taobh leis an leaba. Bhí Dombey Óg cuachta suas go deas teolaí i gciseán beag a bhí leagtha go cúramach ar tholg íseal díreach os comhair na tine, amhail is gur muifín a bhí sa chréatúirín agus go gcaithfí dath donn a chur air caol díreach i ndiaidh dó teacht ar an saol.  

Bhí Dombey tuairim is ocht mbliana is daichead d’aois. Tuairim is ocht nóiméad is daichead a bhí a Mhac. An Dombey sinsearach seo, bhí sé pas beag blagadach, deargphlucach. Fear dathúil, dea-chumtha go leor a bhí ann ach go raibh cruas agus postúlacht éigin ina phearsa a d’fhág nach dtugadh daoine taitneamh dó. Maidir le Dombey Óg, bhí sé siúd blagadach, deargphlucach amach is amach. Ní shéanfadh aon duine nár bhreá an leanbh é (ní bheifeá ag súil lena mhalairt) ach bhí sin air fós, cuma bheag brúite, ballach. An cúpla neamhthrócaireach úd, Am agus Imní, a bhíonn ag síorshiúl coillte Chlann Ádhaimh ag cur eanga anseo is eanga ansiúd, bhí siad i ndiaidh a rian a fhágáil ar éadan Dombey, mar a dhéanfaí ar chrann atá le leagan in am agus i dtráth. Éadan Dombey Óig, bhí sé breac le roic bheaga gan áireamh. Bheadh spórt ag an mac cleasach úd, Am, é ag cuimilt bhos a speile de chraiceann an ógánaigh chun é a dhéanamh deas mín sula rachadh sé ag gearradh agus ag ciorrú air, lá ab fhaide anonn.

B’fhada a bhí súil in airde ag Dombey leis an lá seo agus ba é a bhí go lúcháireach, é ag baint ceoil as slabhra trom an uaireadóra óir a bhí ar sileadh as a chasóg ghorm, é ag amharc ar chnaipí na casóige ag spréacharnach i bhfannsolas na tine. Maidir le Dombey Óg, bhí a dhá dhorn bheaga druidte aige amhail is go raibh sé réidh le troid a chur ar an saol seo a bhí i ndiaidh teacht aniar aduaidh air.

‘Dombey agus a Mhac,’ a bhean,’ a dúirt Dombey. ‘Ní ainm a bheas ann feasta, ach lomchlár na fírinne.’ “Dom-bey agus a  Mhac!”, a dúirt sé de ghlór soilbhir sásta, amhail is gur bláth cumhra a bhí i ngach uile litir agus go raibh sé á mbolú agus á léamh in éineacht.

Bhog na focail sin a chroí chomh mór sin agus gur chuir sé focal beag ceana le hainm a mhná céile (bíodh is go raibh moill bheag air sin a dhéanamh, nó fear a bhí ann nach raibh cleachtadh aige ar an bhfriotal sin) agus dúirt: ‘A bhean liom, a, a stór’.